Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)
- Suíomh:
- Doonloughan, Co. Galway
- Múinteoir: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dúnlocháin
- XML Leathanach 040
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear an uair amháin agus bhí sé an bhocht agus aon oíche amháin táinig sé isteach tar éis oibre lae agus dubhairt sé le nna mnaoi an suipéar ar réidhteach.Dubhairt sí nach raibh aon bhiadh aice dó agus dubhairt sé.
"Dá mbeadh olann ar na caorchaibh bheadh cótaí ar na suip"
Bhí fear an uair amhain agus ní raibh sé ag deanamh aon rud sa mbaile ach ag dul ó theach go teach sa deiread dubhairt sé:
"An té a bhíos i bhfadh amuigh fuarann a chuid"
"Cur is treabhadh san oíche is talamh bán ar maidin"
"Ní hiad na fir mhóraa bhaineann an Fógmar i comhnuidhe, ní fuláir dóibh congnamh an fhir bhig"
"Is olc an rud goile géar dul go dtí an baile mór gan airgead"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh Mach an Ríogh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doonloughan, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Cáit Nic an Ríogh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Doonloughan, Co. Galway