School: Baile Conghaile
- Location:
- Ballyconneely, Co. Galway
- Teacher: T. A. Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a tháinig sé in aois fhear agus nuair a fuair sé eolas an sgéil dubhairt sé nach bhfaigheadh bás go mbainfeadh sé Sasain as an bhfeall a d'imir na Flaithbhearthighthe ar mhuinntir Bhaile an Dúin. Seo aduaidh é! -bóthar mór fada roimhe, claidheamh ina láimh agus fonn díoltais 'gus fola ina chroidhe.
(Tá ait i bhfoisgeacht trí mhíle do Bhaile an Dúin ar a tugtar Leitir Seasc agus deirtear gur chaith sé léim san ait sin .....an chnocáin- tá na trí clocha a cuireadh sna marcanna le feiceáil go dtí an lá indiu agus ní dheachaigh duine ar bith thar an tslíghe sin fós a bhí indon í cruthú .i. an léim sin a gearradh.)
Fuair na Flaithbhearthaighthe sgéal go raibh sé ag teacht agus is dcha go bhfaca siad ach pé ar bith níor chuir duine acu cos leasmuigh den chaislean daingean fad is bhí sé san gcomharsanacht. Bhí fhios ag Ó Conghaile nach mbeadh aon mhaith ann dhó bheith ag faire na caisleáin agus thug sé a chúl(continues on next page)- Collector
- T. A. Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Stiophán Ó Neill
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Aillebrack, Co. Galway