School: Baile Conghaile

Location:
Ballyconneely, Co. Galway
Teacher:
T. A. Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 099

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 099

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Conghaile
  2. XML Page 099
  3. XML “Seanchas Áitiúil - Creach Bhaile an Dúin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    air. Nior fhág sé an áit mínthach. Bhí mórsheisear dearbhráthair de shliocht na bhFlaithbhearthach san áit agus bhí duine acu go raibh comhnaidhe air ar an g'Cráig'(ainm ar an áit fós) pósta. Isteach leis san dteach agus ní raibh ann ach an bhean. Dubhairt sí go raibh na dearbhrátharacha ag fiadhach thuas ag Cúl Ruadh (dhá mhíle ón áit) agus d'imthigh Ó Conghaile ar a dtóir. Chas sé orra agus bhain sé na cloigne díobh.
    San áit seo freisin bhí fear go raibh aimnm mor maidir le neart agus clisteacht air, gur tugadh An Bioránach air. Bhí triúr mac agus inghean aige. Bhí trinnse ocht dtroighe déag(18) ar leithead thart timcheall ar an dteach bhí aige, é doimhin dá réir agus é líonta le huisge as loch a bhí taobh leis. D'réir cosamhlachta bhí An Bioránach gaolta leis na Flaithbhearthaighthe. Ní raibh fhios ag Ó Conghaile an mbeadh sé indon é ghearradh le leim ach bhain sé slait,- chuir as a chéile iad agus do shín ar an dtalamh iad. Thóg sé rite reaite agus ghlan sé an tslat. Bhí leis agus thóg léim thar an trinnse. Isteach leis san teach agus bhí an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    2. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    T. A. Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Stiophán Ó Neill
    Gender
    Male
    Age
    76
    Occupation
    Feirmeoir beag
    Address
    Aillebrack, Co. Galway