School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 002
- XML “An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa tsean aimsir, bhí sean-bhean ann agus bhí aon mhac amháin aici. Bhí an mac seo an-leisgeamhail. Aon mhaidin amháin dá raibh sé féin agus a mháthair i n-a suidhe cois teallaigh ag comhrádh. Dúbhairt sé léithe go gcaithfeadh sé dul le céird eicínt. D'fhiafruigh sí dhe cé'n céird a b'fhearr leis. "Níl aon chéird sa domhan a b'fhearr liom ná gadaidheacht" arsan mac.
"Ó, a mhaicín ó," arsan mháthair, "Níl céird ar bith sa domhan níos measa ná an céird sin."
Acht ar maidin imbárach rachad chun an tigh-phobail agus fíafróidh mé ar Dhia cé'n céird is fhearr dhuit.
Bhí go maith chuaigh sí chun an tséipéil agus thosuigh sí ag guidhe chun Dé.
Nuair a fuair an mac an mháthair imthighthe, chuaidh sé chun an teach-phobail agus(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Faoileáin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway