School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 143
- XML “An Saighdiúir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí saighdiúr ann fadó, agus bhí i bhfad ó na bhaile fhéin.
Lá amháin fuair sé sgéala go raibh a máthair caillte, agus chuaidh sé ag déanamh a bhealaigh abhaile.
Bhí sé ag imtheacht nó gur thuit an oidhche air.
Chonnaic sé solas beag i bhfad uaidh.
Tháinig sé go dtí é, agus bhuail sé an doras. D'osgail cailleac é, agus d'iarr sé loistín uirthi go maidin. Fuair sé sin, agus ar maidin lá'r na bháireac, chuir sí ag déanamh obair chruaidh éicint é.
Bhí sé tuirseach go maith an oidhche sin, agus d'fhan sé i dteac na cailligh go maidin.
Ar maidin chuir sí ag déanamh obair éicint eile é.
Bhí sé tuirseach go maith an oidhche sin airís, agus d'fhan sé i dteach na caillighe go maidin.
Ar maidin thug an chailleach leithi go dtí tobar mór é.
Dubhairt sí leis an lampa a bhí shíos ar iochtar an tobair a thabhairt(continues on next page)- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Coill Sáile, Co. Galway
- Informant
- Mairtín Breathnach
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65