School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 084
- XML “An Buachaill agus an tÚll”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean i n-a comhnaidhe i mbothán ar bhruach loca bean an-bhoct a bhí innti bhí aon mhac amháin aice.
Do bhí bó sa teach, lá amháin chuir an mháthair an Mac ar an aonac leis an mbó.
D'eirigh an buachaill ar maidin agus d'ith a bhricfásta agus d'imtigh ag an aonach.
Nuair a bhí sé i ngar don aonac casadh firín beag dó. D'iarr sé an bhó air, ar leath ubhalla, "dubhairt an buachaill nach dtiubhradh"
"Bí ag imtheacht mar sin arsa an firín go holc. Bhí sé ag imtheacht acht is gearr gur casadh firín eile dhó agus d'iarr an bhó ar, air leath-ubhall mór apaidh.
"Dubhairt an buachaill go dtiubhradh" acht dubhairt an firín leis nuair a ghabhfhadh sé abhaile an t-ubhall a chur amuigh sa ngarrdha agus nuair a d'éireóch sé ar maidin go mbeadh chrann mór millteach fásta sa ngarrdha agus go mbeadh pota óir faoi na bhun.
Nuair a chuaid sé abhaile rinne sé mar dubairt an firín leis nuair a d'éirigh sé ar maidin fuair sé pota óir faoi bhun an chrainn agus bhí sé féin agus a mháthair saidhbheir uaid sin amach.(continues on next page)- Collector
- Mairéad Ní Níadh
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- Coill Sáile, Co. Galway
- Informant
- Bríghid Ní Níadh
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 53
- Address
- Coill Sáile, Co. Galway