Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 461
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus ní aice acht aon mhac amháin tháinig bean ag an teach lá ag díol ubhlaí agus óraiste.
D'iarraigh bean na dtoraidh dhíobh ar theastuigh aon toraidh uatha. Dubhairt "Builigín" gur theasuigh. Ní dhearnaidh an bhean a raibh na toraidh aice acht breith ar Bhuiligín agus é chaitheamh síos i mála a bhí aice agus é a chrochadh léithe ar a druim.
Nuair a bhíodar ag dul thar choill dubhairt Builigín nach
ndeaca a mháthair ná a athair thar an gcoill seo ariamh gan slaitín a bhaint agus dubhairt sé go gchaithfheadh sé fhéin slaitín a bhaint.
Leig an bhean amach as an mála é annsin le slaitín a baint agus nuair a fuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Níadh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Níadh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. Galway