School: Baile Nua (B) (roll number 9607)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Peadar P. Mac Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua (B)
- XML Page 003
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsin thosuigh an troid. Bhailugh na daoine as an áit seo agus thosuigh ag liubhradh na daoine as Orán Mhór. Bhí na fir ag baint a gcótaí díobh as éadan a chéile. Níor stadadar don troid gur shroicheadar Baile Atá Rí agus marbhuigheadh fear ins an grásgar agus chuir sin deire leis patrún as sin amach
- Bhí fear darbh ainm Páidin Ní Flaiteartaigh in a cómhnuidhe i lios an Uisge uair amháin agus bhí cú agus mada géar i gcómhnuidhe aige. Bhí ann thóir go brath aige bheith ag fíadhach. An lá seo ar chuma ar bith deirig se go moch agus amach leis a fíadhach. Niorbh fhada gur dhúisigh sé giarrfiadh agus as go brach leis féin agus na madraí in a diaidh. Bhíodar tóruighthe amach ag rith ina diaidh i gcaitheamh an lae agus níor fhéadadar teact suas léithí. Nuair a bhíodh sí tuairim is dá chéad slat amach rómpa shuidheadh sí ar a gogaide go dtiochfadh na madraí i bhfoigseacht cúpla slat dí agus ar aghaidh leití arís ar nós na gaoithe. Coinnigheadar mar sin anois í gcaitheamh an lae nó go raibh an grián ag dul faoi agus Páidín i rith tuitim i lagar leis an ocras nuair a chuaidh an giarrfiadh isteach i gcarnán cloch i lár páirce Dubhairt sé leis féin annsin go mba bharamhail an rud í fhágháil annsin agus é leath marbh(continues on next page)