School: Baile Nua (B) (roll number 9607)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Peadar P. Mac Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua (B)
- XML Page 039
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin bhí dá tíghe ósta ó Baile Áthá Clíath. Í gceann acú bhí fear an tíghe an saidhbhir agus an ceann eile bhí an fear ann bhocht. Lá amháin chuaidh Domhnaill Ó Conaill isteach go dtí teach an fhir bhocht ag iarraidh lóisdín. Dubhairt an fear nach raibh se in dhán dó é a coinneál mar ní raibh aon seomra feileamhnach chun é a [a] chur suas. D'iarr Domhnaill fios fáth an sgéal agus dubhairt an fear leis go raibh na daoine uaisle go léir sg dul isteach go dtí an fear saidhbhir agus nach raibh aon duine ag dul chuige. D'iarr Domhnaill ar an bhfuil tincéirí inaice na h-áite agus dubhairt an fear go bhfuil. Seadh arsa Domhnaill, "bhéadh bheirt acú annseo amárach agus íad gléasta mar daoine uaisle.
An lá in a dhíaidh sin bhí na tincéirí ins an teach roimh Domhnaill. Dubhairt sé leó seachtmhain a caitheadh í dtíghe ósta an fhir saidhbhir agus thug se a lán airgead dóibh, agus a lán comhairlí freisin. Annsin chuaidh síad isteach go dtí an teach ósta.- Informant
- Padraig Ó Céannaigh
- Gender
- Male
- Address
- Derreen, Co. Galway