Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- Newtown, Co. Galway
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba iad seo Tíghearnaí Talmhan na háite seo, O Ceallaigh i mBaile Nua, De Brún i Maighin O Bláka i mBéal Átha Gluinín agus í gCrumbhlin Blakeney in Abbert, Churcher i nGleann ibFeíl , De Róiste í nDrom a tSeagail agus Ffrench i gCaisleán Monivea.Ba é Blakeney as Abbert agus De Bláka as Beál Átha Gluinín an dá tíghearna talmhan ba mheasa. Do ruaigh Blakeney na daoine as a seilbh agus an meíd nár fág an tír do cuireadh isteach iad i lár portaigh Cluain Caoin, agus is ag na daoine sin a bhí an saoghal cruaidh. Ní raibh aca acht cúpla acra de'n talamh ba mheasa agus botháinín beag. Bhí sé de dúlgas ar na daoine obair a dhéanamh don tíghearnaí talamh ar sé pínghin in agaidh an lae. Bhí baile beag ar a dtugtaí Carramór in aice le talamh Blakney agus ní bheadh sé sásta go bhfuigheadh sé an talamh. Ba é bean Blakeney ba chionntach le díflaitheadh na daoine sin. Dheireadh sí go raibh droch boladh ó na tíghthe agus bhí sé 'gá crádh nó gur dhibhear a fear na daoine as Carramór, agus thóg sé an talamh dhó féin.Ba é Ó Ceallaigh an Tíghearna(leanann ar an chéad leathanach eile)