School: Baile Nua (B) (roll number 9607)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Peadar P. Mac Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (B)
  2. XML Page 012
  3. XML “Seanscéal - Gairdín na Brídeoige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mise each aol donn dhuit a bhéarfhas go tíghe mo driotháir thú". Dimthígh leis ar maidin agus bhí sé ag imtheacht gur bhain an oidce an lae de, gur shrois sé tige an driothúir. Chuir sise roimhe céad míle fáilte. "Céard do chas annseo thú" arsa sise. "Tá mé ar thóir Gaírdín na Breideóga arsa an fear. "Níor chúala mé trácht ar a leithéid aríamh acht tá mé im' máighistreas ar éisg na fairrge agus má tá fios cá bhfuil sé tá fhios acu siúd. Shéad sí an fheadóg agus bhí íasg ag teacht chuicí go raibh crúaic aicí chomh mór le Crúaich Pádhraigh. D'fiarr sí ortha an raibh aon tuairisc acú faoí gáirdín na Breideóga acht dúbhradar go léir nach raibh. Dona go leór ars an bhean acht seo each eile dhuit agus tá driotháir liom "journey" lae as seo agus tá sí in a mháighistir ar éanacha an domhain mhóir, agus muna bhfuil fhios acu níl fhios agam céard a dhéanfaidh mé leat.
    Dimthígh sé leis ar maidin agus chuaidh sé go teach an driotháir. "Céad míle fáilte rómhat", arsa an fear acht céard seo theastuigheas uait. "Tá mé ar thóir Gáirdín na Breideóga", bhfell tá mise im' mháighistir ar éanacha agus muna bhfuil fhios acú sin ní bhéidh fhios go deo air. Shéad sí an fheadóg agus bhí éanacha ag teacht go raibheadar ar fad ar fhághail. Shéad se an fheadóg arís agus sa deire tháinig an iolra. "Cá raibh tusa nuair sead mise an fheadóg seo i dtosach", Bhí mé ag ghol istigh i nGáirdín na Breideóga" ar sise. Caithfídh tú an fear seo a thabhairt isteach ins an ngáirdín go mbainfid sé trí úbhla. Chraith sí a sgeacainí agus chuir sí an leadóg
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Informant
    Padraic Mac Conraoi
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Newtown, Co. Galway