School: Baile Nua (B) (roll number 9607)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Peadar P. Mac Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 021

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (B)
  2. XML Page 021
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    teacht abhaile dhó chúaidh sé treasna portach agus chonnaich sé fear ar an mbóthar tamall mhaith uaidh. Síubhal sé go tapaidh le bheith roime agus casadh lé chéile iad ag an gcrois bóthar. Sagart a bhí ann agus dinnis sé a sgéal dhó. "Tíubhraidh mé pardún dhuit ars an saghart". Sé an párdún a thug sé dhó ná póig a thabhairt don céad rud a casadh air. Dearg dáol an céad rud a cas leis agus béighin dhó póg a thábhairt dí. Bhí cealg nimhe ag an dearg dáol agus chuir sé a gath ann. Bhí sé i gcrúaidh gcás annsin agus chúaidh sé isteach chuig teach ar tháobh an bhóthair agus díarr sé lóistín na h-óidhche ó bean an tíghe. Thug an bhean dhó é agus fáilte agus chúaidh sé in a chodladh. Lean an saghart é in gan fhios dhó agus chúaidh sé isteach san teach in a raibh an fear agus díarr sé ar bean an tíghe "ar tháinigh aon fhear isteach ag iarraidh loistín". "Tháinigh ars an bean". "Ca bhfuil sé ars an saghart". Tá sé in a choladh anois ars an bhean", agus dúbhairt an sagart lei dul isteach agus feach air. Chúaidh sé isteach agus bhí an séomra lán dé dearg dáol. "Ó ars an bean tá an séomra lán dé dearg daol". "Ná bac leis ars an saghart" agus shuidheadar síos ar feadh tamaill. Dúbhairt an sagart léithi féachaint isteach sa séomra arís agus dféach sí istach agus bhí na dearg dáol ann ná bac leis ars an sagart suidhe síos. Shúidheadhar síos
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    null
    Gender
    Male