Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- Newtown, Co. Galway
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (B)
- XML Leathanach 040
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chómnuigh mo shean athair i dtigh beag in aice le Cnoc Ruadh. Tuairim is fiche bliadhain ó shoin thuit an capall áluinn a bhí aige tinn. Oidhche amháin d'fhan mo shean-athair in a suidhe ag faire ar an gcapall.
I lár na h-oidhche d'fosgladh an doras agus tháinig marcach ruadh isteach agus fuipín in a láimh aige. Gan focal a rádh le mo shean-athair shiubhal sé anonn go dtí an cúinne, thóg sé an srían a bhí crochtha ar an mballa agus amach leis.
"Tá mo chapall marbh arsa mo shean-athair in a aigne féin". D'imthigh sé amach chun é a fheiceál acht mo léan bhí an capall sínte marbh ar an urlár.
Duine de's na sídheóga as Cnoc Ruadh a tháinig agus an capall do ghoid leis mar bhí sé ag teastáil go géar uathu.- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Conraoi
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Oakwood North, Co. Galway