School: Baile Nua (B) (roll number 9607)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Peadar P. Mac Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua (B)
- XML Page 055
- XML “An tAonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní'l aontaighe in Éirinn deirtear níos seanda na aontaighe Mainistreach. Do réir béal oideas na háite bhíodh aontaighe ar siuibhal ann sul a táinig na Normánaigh go hEirinn agus bíonn siad ann go fóil ar Lá Fhéile Seáin agus Lá Shamhna. Tá páirc beag cómhgarach de'n sean-mhainistir in a mbíodh an taonach ar siubhal ann. I lár ná páirce sin tá piléar cloc tógta agus cros ar an bhárr. Níl eólas beacht ag aoinne ar staír an philéir sin. Deireann cuid de na daoine gor marbugheadh laocrach on ait ag troid ar aonach mainistreach agus cuireadh é faoi'n bpiléir sin. Deireann daoine eile gur cú íonghantach a tá curtha ann. Bhí leac agus sgríbheann air, ar an bpiléir, agus niorbh fhéidir an sgríbheann a leigheadh.
San tam fadó ba beag díol nó ceannacht a bhíodh ag an taonach. Is amhlaidh a thagadh na daoine le céile agus bhíodh lá spóirt aca. Théigheadh an an fear ba láidre thart agus é ag tarraingt a chóta in a dhiaidh agus ag cur dubhslán ar na daoine seasamh air. Dá sheasadh aoinne air bheadh troid ann. Caitheadh na daoine an lá ag ól agus ag acrann(continues on next page)