School: Cromghlinn (C) (roll number 15411)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Óbáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromghlinn (C)
- XML Page 328
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal.Aon uair amháin bhí feilméar ann a chuir geall ar deich bpunt le bacac nach mbeadh sé i ndon a chapall a ghoideadh i gan fhios do bhuachaill an stábla. Chuaidh an bacach leis an gcapall a ghoideadh Tháinig sé go tigh an fheilméara ist oidhche agus dhá bhuidéal uisge beatha aige in a phótaí [!].
Nuair a chonnaic buachaill an stábla na buidéil choimeád sé súil ar an mbacach gur thuit sé in a chodladh. Annsin ghoid sé na buidéil; d'ól sé an t-uisge beatha go raibh sé ar meisge.
Annsin d'eirigh leis an mbacach an capall a ghoideadh agus bhí an deich bpunt aige.- Collector
- Eibhlín Ní Chonraoi
- Gender
- Female
- Address
- Laragh More, Co. Galway
- Informant
- Tomás Mac Conraoi
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Laragh More, Co. Galway