School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
![The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 188](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0001%2FCBES_0001_188.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 188
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 188
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)míle siar ó thuaidh de'n bhean bháidhte tá áit ann ar a dtugtar Maoidhm an t-sagairt. Bhí sagart ag dul siar ann fadó i mbád agus d'iompuigheadh an bád agus bádhadh an sagart. Tá an t-ainm sin air fós. Tuairim is míle siar uaidh ta áit ar a dtugtar Meádh Pheadair na Cruite. Na céadta bliadhain ó shoin, bhí Peadar ag iascach ann mar gheall ar chruit a bheith air. Tá an t-ainm sin air ó shoin.
- Ainmhidhthe Allta
Deirtí go mbíodh sionnaigh fiadháin in-Árainn fadó. Sé an t-ainm a tugtar ar an bpoll a mbíonn siad 'na gcodladh ann brocais. Itheann na sionnaigh éin, lachain, cearca agus éanachaí na spéire. Déaneann siad an-díoghbháil. Marbhuigheann siad uain agus éin ar na daoiníbh. An bainne a fhághann an firéad ina dhiaidh tá leigheas ann ar Bhruitíneach. Bhíodh girrfhiadh in-Árainn fadó. Dheinidís nead insna tumachaibh agus insna coilltíbh. Ní mórán(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Fhlaithbhearta
- Gender
- Female
- Address
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Ó Flaithbhearta
- Gender
- Male
- Address
- Fearann an Choirce, Co. Galway