School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)[-]
- Ta bóthar ag dul síos ó Fhearann an choirce go dtí an fharraige ar a dtugtar bóthar na Muirbhigh. Rinneadh é roimh aimsir an droch shaoghail. Bhí an bóthar déanta i gcomhnuidhe ach gur cuireadh caoi air. Chuir an riaghaltas an obair sin ar bhun. Sé an riaghaltas freisin a thug bpáigh dhóibh. Níl aon chasán ann ar a dtéidheann na daoine ag Aifreann nó ag aonach. Tá an bóthar seo i-n-úsáid fós. Rinneadh cuid mhór bóthar i-n- aimsir an droch shaoghail. Sé an páigh a thugtaí dhóibh an uair sin deich bpigne san tseachtmhain. Bhíodh mná ag obair ar na bóithríbh sin. Sé an páigh céadna a bhíodh do na mnáibh is a bhíodh do na fir. Tá bothar eile ag dul ó Chabhruabhach air. Bíonn daoine ag dul ann fós. Rinneadh é tuairim 100 bliadhain ó shoin. Tá sé in úsáid fós. Sé an páigh céadna a bhí siad ag fághail agus a bhí siad ag fághail nuair a bhí bóthar Fhearainn an choirce dhá dhéanamh. Bhí an bóthar déanta i gcomhnuidhe ach gur cuireadh caoi air. Sé an righaltas a thug cead dóibh caoi a chur ar.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Ghillín
- Gender
- Female
- Address
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Gillín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Fearann an Choirce, Co. Galway