School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tobar i gCilléinde darbh ainm tobar Chuilm Chille, agus tá tobar éinde ann freisin. Bíonn na daoine ag dul ag rádh páidreacha agus ag tiubhart turais ortha uair gach bliadhain. Ar an naomhadh lá de Mheitheamh a téigheann na daoine go dtí na toibhreacha seo. Téightear trí uaire timcheall an tobar agus deirtear páidreacha agus caaithtear cloch beag isteach ann gach uair. Tá tobar Chiaráin i Mainistir. Tá teampall Chiaráin tamall bheag ó'n tobar agus sin é an fáth a dtugtar an tainm sin air. Tá tobar Ceathrar Áluinn i gCobhruach. Ta ceathrar naoimh curtha ann. Tá Tobar Mac Duach agus Tobar Bholláinín lamhair i gCillmhuirbhigh. Ba é Mac Duach a rinne an teampall atá lena thaobh. Ta teampall bhrioscáin in Conacht. céibí lá is maith leo teacht ann; ach is faoi fhé'le. sin Seain is minice a théigheann siad ann. Tugann siad cuid den uisce abhaile leo chun é ól le leigheas ar bith. Fágann siad airgead is cnaipí is Medals is chuile shórt ann, le taobh an tobair.(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó hIarnáin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
- Informant
- Tomás Uá Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway