School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)
- Location:
- Ballyglass South, Co. Galway
- Teachers: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Cruain (C)
- XML Page 296
- XML “Cluichí - Sicín”
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo í an caoí a n-imrimid "sicín". Bailigheann a lán cailín le chéile. Bíonn ceann aca in-a búistéar, ceann in-a mhathair, agus na cinn eile in-a-sicíní. Beireann sicín amhain greimar bhibín an mhathar agus beireann sicín eile ar bhibín an chéad sicín agus mar sin de go mbíonn siad í líne mór. Déineann an búistéar iarracht an sicín deireadh a mharbhú agus déineann an mathair iarracht í a shabhailt.
Nuair a bhíonns na sicíní go léir marbuighthe meadhan an búistéar agus an mathair iad agus an sicín a bhíonns deas beirbhigeann siad é agus itheann siad é.- Collector
- Cáit Ní Gríobhtha
- Gender
- Female
- Address
- Bracklagh, Co. Galway
- Nuair a bhíos óg bhí "dathanna" mo phríomh cluiche. Nhíoadh suas le naonbhar cailín ann, duine aca í na máthair duine eile í na aingeal agus dune eile in na deabhal. Bíoadh na cailíní eile in a bpáistí, agus bhíodh dath dá leith mar ainm ar gach duine. Thagadh an t-aingeal agus bheireadh sé greim ar gruiag an mháthar. Dheireadh sise "cé tá annsin?" "An t-aingeal leis an gruaig órdha" "Céard tá uait?" "Dath" "Cén dath?" "Gorm" Dá mbéadh gorm(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Nualláin
- Gender
- Female