School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)
- Location:
- Ballyglass South, Co. Galway
- Teachers: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Cruain (C)
- XML Page 367
- XML “Ainmhithe na Feilme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá grádh mór ag ár lión tighe d'ainmidhthí. Ar ár bfeilm beathuighimíd, capall, asal, bá, agus laoganna. Tugaimídh pollic ar an mbuin duibh agus peg ar an mbuin leath. Nuair a bhíonn mé ag tiomáint na mbhó deirim "How, How" agus nuair a bhíonn me ag glaodach ortha chun teacht abhaile deirim "Prig, Prig" - agus dona laoganna deirimid "Suc, Suc."
Tá ár dteach na mbhó aon troigh déag ar aon troig déag. Ar dhá thaoibh de teach na bó tá mainnséar ag síneadh o balla go balla. Don mainnséar no do cuaillí ceangailmid na mbhó le slabhraí iarainn. Istigh sa mainnséar cuirimid fear i gcóir na mbó. Nuair a ceangailmidh mhuilnéal na ba deirimid "go bfuil slabhraí uirthí." Acht nuair cuirimid ceangail ar cois na mbó deirimid "go bfuil crobhnasg uirthí. Tá crúidh chapaill ar crochad ar tairgní ós cionn an doraid istigh i dteach na mbó againn chun ádh a chur ar na buaibh.
Nuair a bhíonns an bhó bleaghtha cuirimif ár nordóig í gcubhar an bainne agus déanaimidh comartha na croise ar coróg na bó agus deirimid ar an noiméad ceadna - "Beannacht Dé ar an mBuin."(continues on next page)- Collector
- Cait Ní Gríobhtha
- Gender
- Female
- Address
- Bracklagh, Co. Galway