School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)
- Location:
- Ballyglass South, Co. Galway
- Teachers: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Cruain (C)
- XML Page 376
- XML “Seo é an Chaoi a Chuireann M'Athair Altrama na Prátaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhfoclaib eile ag cludú na sgiolláin. Lé linn an tSamhraid ní bíonn a lán trioblóide le na fataí a bhíonns í n-iomairí caola. Nuair a taganns na gais anuas cuirimidh an cré ortha leis an gcéact. Nuair a bionns an cré ortha lé trí seachtmaine bíonn na gais árd agus cuirimid an spré ortha. Seó é an caoí a ndéanamuid-ne an spré. Cuirimid ocht bpunt cloc gorm í mála agus fagaimid sín í mbarraille uisge ar fead na h-oidhche. Maidin lá ar na báireach cuirimid deic bpunt sóid nígheacán í mbuicéad agus doirtimid uisge fiocta ann chun í a leagadh. Annsin cuirimid san mbarraille ina bhfuil an cloc gorm é agus meascamuid leis é. Cuirimid an spraí í máisín agus doirtimid ar na gais cun iad shlánú ó'n dhuibheacan. Déanamuid sin cúpla uaire san Samhradh.Ní bainimid usáid ar bith as rann ag cur na bprátaí í n-iomairí caola. Ní raibh céachtaí adhmaid i mo ceanntar ar chor ar bith. I Motar mion-baile i n-aice le Gleann na mBá nDubh bhí gabha a bhí í n-ann láighí a dhéanamh. Seán Coinceanainn do b'eadh é acht "Seán Gabh" a tugtaoí air. Dhéanadh sé na cinn seo (Léaráid)Seo é an ceann atá againn (Léaráid eile)
- Collector
- Máire Ní Nualláin
- Gender
- Female