School: Árd Aoibhinn
- Location:
- Ardeevin, Co. Galway
- Teacher: Dll. De Grás
![The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 131](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0018%2FCBES_0018_131.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 131
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Aoibhinn
- XML Page 131
- XML “Aiste - An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'imthigh a lán daoine as an tír seo an t-am sin agus níorbh iongnadh (-)Seo é an sgéal do fuair mé ó mo shean-athair do bhí in-a chómhnaidhe i bPáirc-an-Locha le linn an Droich-Shaoghail. Dubhairt sé go raibh sé in-a luighe i bpáirc lá amháin agus go raibh ocras an-mhór air. Thosuigh sé ag guidhe agus sa deire chuala sé torann mór. D'eirigh sé de gheit agus d'fhéach sé thart thimcheall air. Chonnaic sé bhean óg in-a seasamh in-aice leis. Níor chuir sí faitchíos air, mar thosuigh sí ag gáire leis agud dubhairt sí leis mar seo "ná bhí aon eagla ort a fhir chóir." Dubhairt sí leis a dhul go dtí tobar a bhí in-aice leis agus go bhfuigheadh sé canna agus é lán d'ór ann. Chuaidh sé ann agus fuair sé an t-airgead.
Máire Ní Dhómhnalláin, Páirc-an-Locha, Cluain Mionda- Collector
- Máire Ní Dhómhnalláin
- Gender
- Female
- Address
- Loughpark, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Mhí
- Gender
- Male
- Address
- Loughpark, Co. Galway