School: Leath-bhaile
- Location:
- Levally, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Maoldhomhnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leath-bhaile
- XML Page 256
- XML “An Nollaig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dá lá déag na Nodlag an séamhadh lá de Eanair, Oidhche Nodlag an oidhche roimh lá Nodlag. Lá l’ Stiopháin an lá i ndiaidh lá Nodlag agus Oidhche cinn bliadhna an oidhche roimh lá Nodlag béag. Lá Nodlag bíonn féasta mór i ngach teach. Bíonn gé agus franncach aca.
Lastar dá coinneal déag an oidhche roimh Dá Lá déag na Nodlag. An céad coinneal a múchann is comhartha é go bhfuighfeadh an duine ar leis an coinneal sin bás roimh na daoine eile de na líon-tighe. Teigheann buachaillí ó theach go teach lá l’ Stiopháin. Le (geibeann) dreoilín in omós de Naomh Stiopháin. Gheibheann siad airgead i ngach teach. Lastar coinneal i ngach seomra Oidhche Nodlag, Oidhche cinn bliadhna agus Oidhche Dá lá dhéag na Nodlag. Lá na leanbh agus (oidhche) lá crosta na bliadhna an ochtmhadh lá fichead de Nodlag. Ní cóir obair a thosuigh, ná pósadh an lá sin. Lá na lóin a tugtar ar an lá in dhiaidh sin. Deirtear “go mbeirimid beo ar an am seo arís”, agus “Go mbeidh sláinte agus sógh i n-ar seilbh go deo”, Oidhche Nodlag. Oidhche Nodlag, Oidhche cinn bliadhna agus Oidhche Nodlag beag bíonn suipéar maith againn. Bíonn tae, a lán cácaí milse agus cáca Nodlag.(continues on next page)- Collector
- Maighréad Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- Claddagh East, Co. Galway
- Informant
- Padraic Bhreathnach
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Claddagh East, Co. Galway