School: Leath-bhaile
- Location:
- Levally, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Maoldhomhnaigh

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 277
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leath-bhaile
- XML Page 277
- XML “Bliain an Drochshaoil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cainnt a chualas ó m'athair Padraic Breathnach
aois - trí sgór go leith bliadhain.
Bhí níos mo daoine in a gcomhnuidhe ar an mbaile seo ná tá anois, agus bhí ceithre sgór teach in mo bhaile. Lof na sgoilteóga agus níor fhás acht corr-ghas an bhliadhain sin. "Protastúnaigh" agus "Tolers" a chuir na daoine sa bhliadhain ocht gcéad déág is dhá sgór is seacht. Bhain siad na gas a d'fhás. Ch'uile teach cuirfeadh siad acra fataí agus níor fhás, acht ceathrú de ch'uile acra. Fad is bhíos siad ag fás lof siad. Stirapouta min-bhuidhe agus arán coirce bhíodh siad ag ithe in ionad fataí bliadhain an droch-shaoghail. Cuireadh siad ceithre sgailteóga treasna an iomaire troighthe ó chéile. Bhí siad ag fághail min-bhuidhe ó'n Workhouse i dTuaim. Níor íoc siad ortha, bíodh siad ag fághail in a dheirce.
Fuair siad an síol dara bliadhain ó Scotland. Nuair a bhí siad ag treabadh an dara bliadhain bhíodh clebhín aca ag piocú na bhfataí beaga le h-aghaidh síol.Cailleadh scór thart anseo leis an ocras, acht níor chaill duine ar bith leis an bhfiabhras, acht cúpla in aice le Tuaim. Ní raibh biadh gann ó shoin. Ní raibh Champínní aca an t-am sin chor ar bith acht ceithre bliadhna in a dhiaidh sin tugadh ó Scotland iad, acht bhí ortha íoc ortha an t-am sin. Chuaidh daoine isteach(continues on next page)- Collector
- Maighréad Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- Claddagh East, Co. Galway
- Informant
- Padraic Breathnach
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Claddagh East, Co. Galway