School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Page 018
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siúd. Tá fhios aige chuile rud go dtí an pionnta a d'ól mé fhéin agus Cait na laogh, bhí fhios aige é. Bhí na h-iasgairí simhplidhe fadó. Ní raibh aon urchóid ionnta, ní h-é sin do na h-iasgairí atá ar an saoghal anois.
- Sgéal.I bhfad ó shoin san t-sean-aimsir, bhí rí i GCúige Laighean, agus bhí triúr mach aige, dar bainm, Domnall, Brian agus Murchadha. Bhí Domnall agus Brian fóghluimta agus ciallmhar, agus ní raibh ciall na fóghluim ag Murchadha, acht bhí sé chomh láidir agus chomh tréan le leomhan. Chualadh an rí go raibh inghean ag rí na Spáinne agus ní raibh aon bhean san domhan leath chomh breágh léithe. D'innis sé an sgéal dá chlann mac, agus dubairt Domhnall agus Brian go mbearfaidís go h-Éirinn í nó go ngeóbhmíd féin bás ag iarraidh í thabairt linn. Racadh mise libh arsa Murchadha mar tá mise in mo fhear chomh maith libh-se nó níos feárr ná sibh. An oidhche sin, d'imthigh Domhnall agus Brian i ngan fhios de Mhurchadha. Ar maidin lá ar na bháireach, nuair a fuair Murchadha amach go raibheadar imthighthe, as go brách leis in-a diadh, [!] agus níor bhfada go dtáinig sé suas leó mar bhíodar ag dul isteach i gcoill mhór, bhí fearg orra,(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Curraidhin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Doire Locháin Thiar, Co. Galway