School: Baile Nua (roll number 15331)
- Location:
- An Baile Nua, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ua hUigín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua
- XML Page 086
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)F. Dealg i mo chos.
C. Cen fáth a mbreathnigheann bó thar bhárr an claidhe?
F. Mar ní féidir leí breathnú faoí.
C. Cé mhéid gob a bhúaileas cearc ar an thalamh éin go mbéidh a sáith ithte aicí?
F. Aon ghob amháin.
C. Tagann sé isteach ar dhruim na ndaoine agus téidheann sé amach chómh mín le síoda?
F. Móin
C. Féarín beag ina sheasamh le claidhe itheann sé gach a bfáighainn sé ach ní ólann sé uisce?
F. Teine.
C. Cloigeann ar nós méaracáin riubal ar nós luich. Beadhfá ag cuimhneadh go deó ach ní chuimhneadh air sin?
F. Píopa
C. Bíonn sé sa móinfhéar agus ní gearrtar é. Bíonn sé sa bportach agus ní baintear é. Bíonn sé sa síopa agus ní díoltar é agus - céard é?
F. Solus na gréine.
C. Chómh cruinn le ubhall chomh domann le cupán, ceathar agus fiche capaill ní tharnóchadh síad aníos é?
F. Tobar
C. Cad atá lán agus tógann tuille?
F. Pota fataí nuair a chuirfeá uisce ann.
C. Fearín beag a dul súas an dréimíde agus(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Gabháin
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway