School: Baile Nua (roll number 15331)
- Location:
- An Baile Nua, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ua hUigín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua
- XML Page 102
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Aon lá amháin bhí fear ag siubhal an bóthair agus casadh gobán agus a mhac air.”
(continued from previous page)di an bhfuil aon teagasg aici le tabhairt ar ghabhann ar bith a bheadh indhon speal mhaith a dhéanamh," arsa Gobán.
"Déanfhaidh sin," arsa Micheál agus d'imthigh sé.
Bhí sé ag imtheacht leis no go bhfúair sé an bhean a bhí i gceist.
"An bhfuil aon teagasg agat ar ghabhann ar bith a bheadh indhon speal mhaith a dhéanamh," arsa Micheál.
"Ní fáightear teagasg gan airgead," ar sise.
"Cé mhéad áta uait," arsa Micheál.
"Bonn," ar sisi.
"Déanfhaidh sin," arsa Micheál agus thug sé bonn dhi.
"Bheul anois," adeir sí, "teirigh ag a leithéide seo d'fhear agus abair leis speal a dhéanamh duit a bhéas chomh maith agus go mbeidh sí indhon lomra olna a gearradh ar bhárr an uisge agus gan an t-uisge a chorruighe." Is ag a h-athair féin a chuir an bhean é.
Dimthigh Micheál leis nó go dtáinich sé go dtí teach an gabhann.
"An bhfuil tú indhon speal mhaith a dhéanamh," arsa Micheál.
"Go deimhin táim", arsa an gabha, "déanaim-se spealtacha le h-agaidh gach duine."(continues on next page)- Collector
- Pádhraigh Ó Dorchaidhe
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Nua, Co. Galway
- Informant
- Pádhraigh Ó Gabháin
- Gender
- Male
- Age
- 31
- Address
- An Baile Nua, Co. Galway