School: Oileán Iarthach
- Location:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Iarthach
- XML Page 333
- XML “Scéal faoi <span class="exact"><span class="token">Oíche</span></span> <span class="exact">Shamhna</span>”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Ainm an duine a bhfuaras na sgéalta seo uaithi... Máire Ní Chatháin
2. A seoladh... Oileán Iartach, Rosmuc, Co. na Gaillimhe
3. A haois... 79 blaidhain
4. A gairm beatha... Feilméar
5. Cár tógadh í... Túrloch Beag, Rosmuc
6. An dáta ar scríobhadh na sgéalta seo: 3/11/37
Scéal faoi Oidhche Shamhna
Bhí gasúr bocht ann uair amháin agus badh é baramhail gach duine go mbíodh sé ins na páirceannáibh. Ní raibh sé i bhfad ag siubhal nuair a chonnaic sé solas i bhfad uaidh is ní i ngar dó. Do lean sé an solas is an solas ag teannadh uaidh. Sa deireadh do tháinig sé suas leis agus is teach a bhí ann.
Do chuaidh sé isteach ann agus chuireadh céad míle fáilte roimhe. Do thugadar áit suidhte dó. Do bhí ceathrar fear sa teach agus bean. D'éirigh duine de na fir agus chuaidh sé amach agus lean an chuid eile é agus lean an ghasúr iad. Chuaidh siad agus fuair siad luch agus thug an gasú isteach go dtí an mnaoi í. Chuir an bhean ag bruith í agus bhí súp bhreágh uirthi.(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Chatháin
- Gender
- Female
- Age
- 79
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway