School: Oileán Iarthach
- Location:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Iarthach
- XML Page 405
- XML “Scéal faoi Bhean”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal faoi BheanDo chuaidh bean uair do'n Chlochán ag ceannach ruda faoi Nodlaig. Nuair bhí sí ag dul aniar tháinic an oidhche uirthe. Chonnaic sí solas agus rinne sí air. Do bhuail sí ar an doras. Teach beag a bhí ann, agus bhí sean-bhean agus sean-fhear ann. Do réidhtig an sean-bhean an suipéar dóibh agus chuaidh siad ag ité. Ní raibh faitchíos ar bhit uirthae ac go mbuailfeadh an sean-fhear i lé na sron treasna an bhuird mar bhí sí com fada sin. Nuair bhí an suipéar caithte aca, réidhtigh an sean-bhean suas an teach agus d'fhosgail doras ar thaobh eile de'n teach, san áit nach bhfaca Brighid cheana chor ar bith. Tháinic dá sgór feir agus bean agus píobaire agus thosuigh siad ag damhsa. Sa deire tháinic fear go dtí i féin agus diarr sé a damhsa i. Ní raibh faitchíos ar bith uirthi féin ac ní raibh aon sé pighne aice le tabhairt do'n phíobaire mar thugadh ' cuile duine dhó, ac chuir an fear sé pighne isteach ' na láimh agus thug sí féin do'n phíobaire é. D'imthigh ' chuile dhuine aca suas an bealach céadhna. D'iarr an sean-fhear uirthí sgéal innseacht. Dubhairt sí nach raibh aon sgéal aice. Rug sé uirthí agus chaith sé amach í agus nuair dhúisig sí ar maidin 'sé(continues on next page)
- Collector
- Pádhraic Ó hAllmhuráin
- Gender
- Male
- Informant
- Áine Ní hAllmhuráin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 50