School: Oileán Iarthach
- Location:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Iarthach
- XML Page 360
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalDo bhí fear ann uair amháin agus bhí mach aigeDo bhíodh sé ag iasgach cuile lá, ac lá da raibh s[é] ag iasgach, ní raibh sé ag fágháil aon bhreac. Do cuir maigdean mara aníos a cloigeann. "Má tugann tú do mhac dom bhéarfad go leor iasg duit" adubairt sí. Dubairt sé go dtiúbarfad. D'fhágadh sé go leor iasg chuile lá. Nuair bhí an mac fásta suas d'innis sé do é. D'imtigh an mac leis agus chuaid sé ag obair ag feilméar, agus faoi ceann sgathaimh phós sé inghean an rí. Do bí sé fhéin agus an bhean ag siubhal cois na fairrge lá agus tháinic an mhaighdean mara agus sgiob sí leithe é. Dubhairt an bhean go dtiubharfadh sí ceirtlin sioda di nac mbead caithte go bráthach. Thug sí di an cheirtlin agus leig sí ar ais airiste é. Do bhí siad lá eile ag siubhal cois na fairrge agus sguab an mhaighdean mara an bean leithe. Ní raibh fhios aige céard á deanfad sé. Chuadh sé go dtí sean rí glic a bhí san ait. "Triomuigeann simlear na maighdean mara chuile aon seachtu bliadhain" ars an rí g [!] agus Dé Ceadaoin seo chugainn a thriomóchas sé arist". Chomh luath agus fuair sé tirim é cuaidh sé g [!] lé currach go dtí an áit. Chuaidh sé síos an(continues on next page)
- Collector
- Pádhraic Ó hAllmhuráin
- Gender
- Male
- Address
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Informant
- Áine Ní hAllmhuráin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway