School: Oileán Iarthach
- Location:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Iarthach
- XML Page 334
- XML “Scéal faoi <span class="exact"><span class="token">Oíche</span></span> <span class="exact">Shamhna</span>”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thangadar uilig isteach agus an luch bruite rompu. Thóig an bhean an luch agus thug sí cupán don súp do na fir. Nuair a d'ól an gasúr é, bhí a fhios aige cé raibh chuile chiste óir sa domhan i bhfolach ach nuair a roinn an bhean an feoil, ní raibh a fhios aige tada. Chuaigh siad a chodladh ansin agus nuair a dhúisigh sé fuair sé é féin caite faoin mbruach talmhan sa gcnoc agus cloigín draochta ina phóca. Bhí sé de bhua aige na héisc a mhealladh. Thosaigh se gá bhuala sa deireadh thárla go dtáinig sé go dtí loch nó abhainn. Nuair a chuala na bric é, thosaigh siad ag léim suas ar an ngasúr agus scanradh sé agus thit an cloigín as a láimh.
Thug na bric a naghaidh ar an abhainn ansin, thuig an gasúr é féin, thug sé an cloigín abhaile chuig a athair agus a mháthair agus bhí siad ag díol éisc gur cailleadh iad.- Informant
- Máire Ní Chatháin
- Gender
- Female
- Age
- 79
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway