School: Oileán Iarthach
- Location:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Iarthach
- XML Page 358
- XML “Scéal faoi <span class="exact">Oíche</span> <span class="exact">Shamhna</span>”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uatha an chónra. Do bhí iongantas mór air agus cuaid sé go dtí í. D'osgail sé í agus bhí bean óg áluinn istigh inntí. Do thuig sé annsin gurb’iad na daoine maite a bhí ann agus an bean óg aca. Thug sé abhaile ag ceann a mháthair í. Ní raibh aon cainnt aice ach í ' na codladh. Nuair a tháinic Oidhche Shamhna aríst, chuaidh sé go dtí bruigheann na sidheóg agus bhí na sidheóga istigh ag cainnt roimhe. Bhí siad ag cainnt ar ar oidhche a dtug sé leis an bean. Agus dubairt siad gur bhliadhain ‘san oidhche” nocht tug sé leis an bhean óg uatha. Nach beag an mhaith do rinne sí dó” adubhairt duine. "Ní bheadh sé mar sin” adubhairt duine eile “dá mbainfead sé an biorán suain as a gruaig, bheadh sí com maith is a bhí sí ariom”. Nuair a cuala sé an cainnt sin d’imtig sé abhaile agus tharraing sé an biorán agus bhí sí com mait is a bhí ariamh. Annsin pósadh iad agus mhair siad go sona sasta an faid is a mhair siad.
- Collector
- Pádhraic Ó hAllmhuráin
- Gender
- Male
- Address
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Informant
- Áine Ní hAllmhuráin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway