School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 013](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0069%2FCBES_0069_013.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 013
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 013
- XML “An Sagart Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt sí nach dtiubhradh. Dubhairt sé go gcuirfeadh sé seacht mbliadhna ar thóin na farraige í muna dtiurfadh. "Is fearr liom é sin fhéin" adeir sí "ná é a thabhairt dhó".
Annsin dubhairt sé go dcuirfeadh sé seacht mbliadhna san aer í agus dubhairt sí go mba fhearr leithe sin ná é a thabhairt dhó.
Annsin dubhairt sé leithe go gcuirfeadh sé seacht mbliadhna i seómra an tSagairt Duibh í agus dubhairt sí annsin níos túisce ná bhéadh sí nóiméad annsin go dtiubhradh sí dhó é. Thug sí dhó annsin é agus tháinig sé ar ais go dtí an Sagart Dubh. "Tá tusa ceart anois" adeir an Sagart Dubh, "acht go bhfóiridh Dhia orm-sa". "Caithfidh tú imtheacht agus capall fiadháin a fhághail agus mo chosa-sa a cheangail dho chosaibh deiridh an chapaill agus a bheith dhá bhualadh i dtreo is nach mbeidh le fághail don Sagart Dubh acht a chnámha agus iad a phiocadh suas agus iad a chur in áit áirithe. Annsin do rinne sé mar a dubhadh leis. Dubhairt an Sagart Dubh leis(continues on next page)- Informant
- Máire, Bean Uí Finneachta
- Gender
- Female
- Age
- 57
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Doire Fhatharta, Co. Galway