School: Camus (roll number 11290)

Location:
Camas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Camus
  2. XML Page 012
  3. XML “An Sagart Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a dhul go dtí an Pápa agus chuaidh sé go dtí an Pápa. Dubhairt an Pápa leis nach raibh aon nduine in ann aon mhaith a dhéanamh dhó acht an Sagart Dubh acht ní raibh a fhios aige cá raibh sé. D'imthigh sé ag cuartughadh an t-Sagart Dhuibh acht bhí sé ag cint air é a fhághail amach no go raibh sé seacht mbliadhna imthighthe.
    Óidhche amháin chuaidh sé isteach i dteach agus bhí go leór daoine ar chuairt ann. Oidhche Shathairn a bhí ann. Bhí siad a' rádh gurbh é an Sagart Dubh a léighfeadh Aifreann amáireach agus bhí áthas mhór air nuair a chuala sé sin. Chuaidh sé go dtí an Sagart Dubh lá ar na mháireach agus dubhairt sé go ndeinfeadh sé a bhféadfadh sé dhó. Annsin thug sé páipéar dhó agus rud éigin sgríobhtha air agus dubhairt sé leis a dhul go geataí Ifrinn agus an páipéar a thabhairt don diabhal nuair a thiocfadh sé amach go dtí é. Annsin d'imthigh leis, agus chuaidh sé agus nuair a léigh an diabhal an páipéar chraith sé slabhra agus tháinig a mháthair amach. Dubhairt sé leithe an páipéar a thug an fear sin dhuithe a thabhairt dhó.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0756B: The Devil's Contract
    Language
    Irish
    Informant
    Máire, Bean Uí Finneachta
    Gender
    Female
    Age
    57
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Doire Fhatharta, Co. Galway