School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 035](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0069%2FCBES_0069_035.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 035
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 035
- XML “An Gasúr a Chuaigh go hIfreann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)& d'ith sé a bhéile. Ní mórán fonn do bhí air a' ghabhail síos sa teach an triomhadh oidhche, ach thairg an duine uasal scór punt dó, chuaidh sé síos.
Amach i lár na h-oidhche tháinic fear geal aniar as an seomra, fear dubh & fear geal & fear dubh. Thosaigh siad ag bualadh a chéile, chuaidh an buachaill i gcongnamh do na fir gheala. Bhí sé féin & na fir gheala ag fághail an láimh i n-uachtar. Shuidh siad síos faoi cheann sgathaimh ag leigint a sgíthe. "A bhfeicheann tú iad sin anois" ars duine de na fir bhána. "Feiceann" ar seisean. "Bhí muid-ne ag obair & bhí siad-san 'na máighistrí orainn mar ba beirt mhac leis an mháighistir sin ort-sa iad. Ní raibh siad ag caitheamh an chirt linn-ne & tá muid-ne annseo ó fuair muid bás & beidh nó go n-íochtar na fiacha atá orainn". "A' bhfeicheann tú an tulán bruibh sin amuigh" ar seiseann. "Feiceann" ars an buachaill. "Tá pota óir faoi'n tulán sin & abhróchaidh tú le do mháighistir é thógáil, & na fiacha tá orrainn-ne íoch, & an méid a bhéas fághta, bíodh sé agad féin. Níl orainn-ne ach an méid sin anois go dtéidhidh muid caol díreach go dtí na Flaithis".
D'fhan an buachaill ann go maidin & d'imthigh siad-san in a mbealach fhéin. Tháinic sé abhaile & d'innis an sgéal don duine uasal. Thóig sé an pota óir & d'íoc sé fiacha an cheathrair a bhí caillte.
Bhí go maith is ní raibh go h-olc go dtáinig an oidhche & dubhairt an duine uasal leis go dtabharfadh sé sgór eile punt dhó "'á dtéidheadh sé sa teach anocht". "Ní feárr liom caoi a shaothróchadh mé roinnt airgid" ars an buachaill. "Ó thárla gur ar mo pháighe atá mé(continues on next page)- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway