School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 034](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0069%2FCBES_0069_034.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 034
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 034
- XML “An Gasúr a Chuaigh go hIfreann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an leas-athair mar ní raibh súil aige leis an ngasúr choidhche. Ní gasúr a bhí ann faoi an am seo ach stócach mór. Faoi cheann sgathaimh 'na dhiadh sin d'imthigh an buachaill leis annsin ag saothrú bheatha.
Bhí sé ag imtheacht & ag síor-imtheacht go dtáinic sé go dtí teach duine uasail, & d'fhiafruigh sé dhe cá raibh a thriall? "Ag cuartú áit aimsire" ars an buachaill. "Is maith mar thárla" ars an duine uasal. "Ag cuartú buachalla atá mise". "Ó, tá sé ró-fhada sa lá anois pé br é" ars an buachaill "le dhul ag déanamh tada". Bhí fhios ag an duine uasal go maith go raibh tuirse & codladh air. Thug sé béile dhó & dúbhairt leis síneadh ar an leabaidh go ceann sgathaimh.
Chuaidh sé a' chodladh & bhí sé 'na thráthnóna nuair a d'éirigh sé. "Má théidheann tú síos sa teach seo thíos anocht & fanacht ann go maidin, tiúbhra mé cúig phunt dhuit", ars fear a' tighe. "Déanfaidh sin" ars an buachaill. Chuaidh sé síos sa teach & nuair a bhí sé amach go doimhin i lár na h-iodhche, bhí sé a' breathnú timcheall air & ba ghearr go bhfaca sé duine geal ag cur a chloiginn siar 's aniar i ndoras an tseomra trí huaire.
Ar maidin d'imthigh leis go dtí teach a mháighistir. 'San oidhche aríst dúbhairt an duine uasal leis go dtabharfadh sé cúig phunt eile "ach fanacht anocht ann". "Ar mo pháighe tá mé ag imtheacht" ars an buachaill, "& ní feárr liom caoi do shaothróchadh mé cúig phunt".
Thárla an rud céadhna sa teach soe mar thárla an oidhche roimhe sin. Tháinic sé abhaile & chuaidh sé a chodladh. D'éirigh sé tráthnóna(continues on next page)- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway