School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 036
- XML “An Gasúr a Chuaigh go hIfreann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'g-imtheacht". Chuaidh sé síos sa teach & thug sé leabhar leis a bheadh sé a' léigheamh. Bhí sé 'na shuidhe ar bhinnse & é ag léigheamh an leabhair. Timcheall ar dó dheag cé brí cé'n chaoi ar bhreathnuigh sé 'na thimcheall, céard d'fheicfeadh sé ach an bhean ba h-áilne dár leag sé siúl ariamh uirthe. Chuir sé cainnt uirthi, & chuir sí cainnt air & d'fhiafruigh sí dhe ar maith leis í a phósadh. Dúbhairt seisean go mba mhaith. "Má's maith" ar sise. "Caithfidh tú é thabhairt sgríobhtha ar fuil ladhaircín do láimhe dheise dhom". Ní dhearna an buachaill ach breith ar rásúr & píosa de'n mhéir a bhaint dhe féin. Rug sé ar phíosa pháipéir & thug sgríobhthe di é. Ach an chéad bhreathnú eile thug sé uirthe, céard a bhí innte ach an bhean ba gránndha bhí le fághail. "Tá tú i ngreim anois" ars an bhean, & cé bheadh ann ach inghean an diabhail. Ní raibh aon neart air annsin ach chaithfeadh sé í a leanacht go h-Ifreann. Nuair a fuair sé a thuarasdal d'imthigh sé leis go dtí an sagart, acht ní raibh aon mhaith ag an sagart le déanamh. Do chuaidh sé go dtí an t-easbog & go dtí an Pápa ach badh é an sgéal céadhna é. Chuaidh sé go dtí an Cardinel ach ní raibh aon mhaith aige sin le déanamh dhó. Nuair a bhí sé ag imtheacht ó theach an Chardineil, ghlaoidh sé aríst air & dúbhairt sé leis mara ndéanfadh a leithéad seo dhe shagart óg maith dhó, nách ndéanfaidhe aon mhaith go deó dhó.
Tháinic sé go h-Éirinn & níor bhain cois as rith go dtáinic sé ag a leithéad seo de theach. "Sin é teach a' t-sagairt a raibh cead Aifrinn bainnte dhe. "Á dhonacht mo sgéal féin is seacht measa do sgéal-sa". Níl mé siúráilte(continues on next page)- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway