School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 042
- XML “Mac na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ba iad na triúr fear ba bhreághtha a bhí ar an domhan iad.
Shuidheadar síos agus thosuigh ag ithe agus ba gearr a bhí duine acu ag ithe nuair a dubhairt sé go raibh duine éicint sa gcaisleán ó d'imthigh siad, "mar d'ith sé cuid do mo chuid beatha-sa". Dubhairt an bheirt eile an rud céadhna. Dubhairt siad go rachfaidís á chuartú acht a mbéadh a mbéile ithte acu.
Ba ghearr gur thuit forc ó dhuine acu agus nuair a bhí sé á thógáil chonnaic sé mo dhuine istigh faoi'n mbord agus tharraing sé amach é. Nuair a bhí an béile ithte d'fhiafruigh siad dhe céard a chas annseo é. Shílfeá nach raibh éolas ag aoinne ann. "Ní innseóchaidh mise sin dhíbh nó go n-innsídhe sibh féin an chéad uair cé'n fáth go dtáinic sibh isteach stróichte millte gearrtha agus nuair a chuaidh sibh suas sa seóimrín dorcha sin thuas go mba sibh-sa na triúr fear ba bhreághtha ar an domhan, dár liom-sa"."Ní innseochaidh muid-ne sin dhuit" ar siad-san. "Ó", adeir duine acu, "déanfaidh sé buachaill móna agus uisge dhúinn". D'fhan sé i n-éinfheacht leo ar feadh cúpla seachtmhain agus d'imthighidís ar maidin agus thagaidís tráthnóna agus iad stróichte(continues on next page)- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway