School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 043
- XML “Mac na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)millte gearrtha.
Bhí go maith agus ní raibh go h-olc nó gur chuir an t-Éireannach óg olc éicint ar dhuine acu agus dubhairt an fáthach leis go gcaithfeadh sé innseacht dhó cé'n chaoí ar tháinig sé ar an oileán nó cé h-é fhéin. "Ní innseóchaidh mise sin dhuit go n-innseochaidh sibh dom an chéad uair". "Bheul, innseóchaidh mise sin duit", ar seisean. "Bhí deirbhsiúr againn fadó agus tháinic fáthach mór na gcúig gceann, na gcúig mbeann agus na gcúig muineál á h-iarraidh orainn. Thugamar dhó í agus pósadh iad. An t-am sin bhí sé cinn d'oileánaibh againne agus thug muid trí cinn acu dhó. Ní raibh baoghal ar bhliadhain a bheith thuas nuair a tháinic sé ag iarraidh an cheathramhadh oileán orainn.
Dubhramar le chéile nach bhfeicfeadh Dia ná duine muid féin agus ár gcliamhain ag troid go deó. Bhí go maith. Thugamar dhó an t-oileán acht ní raibh baoghal ar bhliadhain 'bheith caithte nuair a tháinic sé ag iarraidh an chúigeadh oileán orainn. Thug muid dhó é sin acht ní raibh baoghal ar bhliadhain eile bheith thuas nuair a tháinic sé ag iarraidh an t-aon oileán amháin a bhí againn. Dubhairt muid go dtroidfeadh muid ar son na h-oileán.(continues on next page)- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway