School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 063](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0069%2FCBES_0069_063.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 063
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 063
- XML “Fir Láidre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ann. Rinne an fathach iongantas go raibh fiacla chomh maith ag Fionn leis fhéin agus gan é acht bheith sa gcliabhán. Chuaidh sé go dtí é agus chuir méar 'na bhéal acht bhain Fionn an méar dó. Annsin bhuail faitchíos an Fathach agus níor thaobhuigh sé theach Finn uaidh sin amach mar bhí sé a' ceapadh go raibh Fionn chomh láidir leis féin.
--
Fear a bhí 'na chomhnaidhe ag Cuan an Fir Mhóir thugaidís 'an fear láidir' air. Sé an áit a mbruithfeadh sé a chuid fataí ar charraig a bhí sa bfairrge. Is ó Pheadar an Geata a cheannuigheadh sé na fátaí. Bhí an pota a bhí aige i ndon fiche cloch fataí a bhruith agus d'íosadh sé an méid sin chuile lá. Nuair a bhíodh na fátaí bruithte ag an bhfear mór 'chuile lá chaitheadh sé an pota siar 'ig Mordán le an chuid fhéin a bhruith. Bhí seisean 'na chomhnuidhe ar mhullach Chnuic Mhordáin.
Lá amháin chuir Mordán agus Goireal (a bhí 'na chomhnaidhe ar mhullach cnuich Sheana) na feóla cainnte ar a chéile faoi chaitheamh cloch neart. Sé an(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac an Iomaire
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Collector
- Stiophán Mac an Iomaire
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Seán Mac an Iomaire
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway