School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 064
- XML “Fir Láidre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)t-ainm a tugadh ar an gcloich sin cloch Coiril agus ba cloch mhór throm a bhí inntí. Chaith Goireal isteach í an lá seo agus chuir sé isteach glan go Cnoc Mordáin í. Chaith Mordán amach í acht níor chuir sé í acht leath-bealaigh agus thuit sí i gcriathrach Choiril agus tagann go leór daoine ag breathnú ar an gcloich sin 'chuile bhliadhain ó shoin i leith. Tá scailp mhór fúithí mar a bheadh teach ann agus deirtear gur ann a bhí teach comhnuidhthe ag rógairí na h-Éireann roimhe seo.
--
Bhí fear mór láidir 'na chomhnuidhe i gCamus Íochtair fadó ar a dtugtaoi Tomás Ó Dhonnchadha. Bhí sé ag déanamh poitín an oidhche seo. Oidhche gharbh fhuar a bhí innti agus tháinic arm Shasana air agus thóigeadar é féin agus a chuid fuisge. Cheannglaigheadar suas air a chuid earraidh agus thumáileadar leobh é go dtí baile an Spidéil mar a bheadh beithidheach ar bith ann. Bhíodar tuirseach annsin agus chuireadar fios ar charr go Gaillimh. D'fhágadar beirt ag tabhairt(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac an Iomaire
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Collector
- Stiophán Mac an Iomaire
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Seán Mac an Iomaire
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway