School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sé Peadar Ó Conaire ('Peadar Éinde') a d'innis na sgéalta seo leanas dhom; iad seo ó leathanach 68-81. Sean'fhear é atá ag tarraingt an tsean-pinsiúin le sé no seacht de bhliadhntaibh. As Lufanán, Camus Uachtair, Casla é.--
Nidden is Didden is Donall Ó Néara
Do mhair i n-Éirinn fadó triúr fear darbh ainm Nidden is Didden is Donall Ó Néara. Beirt fhear saidhbhir do bheadh Nidden is Didden, acht fear bocht dona do bheadh Donall Ó Neara. Ní raibh acht t-aon bhó amháin ag Donall, agus sé'n t-ainm a bhí ar an mbó sin "Déasaí.
Céard a dhéanfadh Nidden is Didden acht an bhó sin a mharbhughadh ar Dhonall. 'Se'n fáth ar rinne siad sin féachaint an n'imtheóchadh Donall as an áit ar fad agus nach mbéadh tada ag cur isteach ortha fhéin uaidh sin amach.
Bhí Donall ró-ghlic dhóibh. Séard a rinne sé ná an croiceann a bhaint de'n bhó agus sgilling nó dhó de phinghneachaibh ruadh a chur isteach san gcroiceann agus imtheacht chun an bhaile mhóir leis.(continues on next page)- Informant
- Peadar Cínde
- Other names
- Peadar Cínde
- Peadar Ó Conaire
- Gender
- Male
- Age
- Over 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway