Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Sé Peadar Ó Conaire ('Peadar Éinde') a d'innis na sgéalta seo leanas dhom; iad seo ó leathanach 68-81. Sean'fhear é atá ag tarraingt an tsean-pinsiúin le sé no seacht de bhliadhntaibh. As Lufanán, Camus Uachtair, Casla é.--
Nidden is Didden is Donall Ó Néara
Do mhair i n-Éirinn fadó triúr fear darbh ainm Nidden is Didden is Donall Ó Néara. Beirt fhear saidhbhir do bheadh Nidden is Didden, acht fear bocht dona do bheadh Donall Ó Neara. Ní raibh acht t-aon bhó amháin ag Donall, agus sé'n t-ainm a bhí ar an mbó sin "Déasaí.
Céard a dhéanfadh Nidden is Didden acht an bhó sin a mharbhughadh ar Dhonall. 'Se'n fáth ar rinne siad sin féachaint an n'imtheóchadh Donall as an áit ar fad agus nach mbéadh tada ag cur isteach ortha fhéin uaidh sin amach.
Bhí Donall ró-ghlic dhóibh. Séard a rinne sé ná an croiceann a bhaint de'n bhó agus sgilling nó dhó de phinghneachaibh ruadh a chur isteach san gcroiceann agus imtheacht chun an bhaile mhóir leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Cínde
- Ainmneacha eile
- Peadar Cínde
- Peadar Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe