School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 102
- XML “An Fear agus an Bhean”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Rugadar féin greim chruaidh charraigheacht ar a chéile. An chéad chorr a thug an t-Éireannach dhó, chuir sé go dtí a ghlúin é; an dara corr go dtí a bhásta.
"Is tú an fear is fearr a chas ariamh orm" adeir an fathach. "agus tiubharfaidh mé mo shlaitín dhraoicheachta agus mo chlaidheamh soluis dhuit acht leig as seo mé".
"Cá bhfuil do chlaidheamh soluis" adeir an t-Éireannach.
"Tá sí annsin thoir", adeir an fathach.
"Féach ar an smután is gráinne sa gcoill, í sin", adeir an fathach.
"Níl smután ar bith ann is gráinne ná thú féin", adeir an t-Éireannach ag bualadh buille air. Chuir sé a chloigeann ag caoineadh ag dhul suas agus ag feadaighil[?] ag dul anuas. Shíl an cloigeann theacht ar an gcolainn céadna aríst acht rinne an t-Éireannach an rud céadna leis.
"Níor mhór dhuit", adeir an cloigeann, "dá bhfágfadh mise ar an gcolainn céadna aríst mé fhéin, rud ar bith ní chuirfeadh dhe mé".
"Níor fhág mise an baile", adeir an t-Éireannach, "gan fios a bheith agam le(continues on next page)- Informant
- Micheál O Cuáláin Phádraic
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway