School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 128
- XML “Fear a Bhí ag Dul ag Pósadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'fhága sé a mhaide sa roilig.
Tháinig sé abhaile. Ghlaoidh sé ar na mná. Chuir sé ceist ar dhuine acu.
"An dtiocfaidh tusa i gcoinne mo mhaide", adeir sé leí.
"Cá 'il sé", adeir sise.
"D'fhága mé sa roilig indiu é", d'fhreagair sé.
"Má d'fhága, muise, téirigh 'na choinne", adeir sí.
Ghlaoidh sé anall ar an dara bean.
"An dtiocfaidh tusa 'na choinne", adeir sé.
"Ní gabhfaidh", adeir sí.
"An dtiocfaidh tusa ann", adeir sé leis an tríomhadh duine.
"Is beag atá le déanamh agam", d'fhreagair sise.
"Tá triúr curtha dhíom anois agus tá sé chomh maidh dhom an bheirt eile a fhéachaint", adeir sé leis féin.
Acht ní ghabhfadh an ceathramha duine acht an oireadh leis an gcéad triúr. Chuaidh an cúigeadh duine ann agus fáilte. Bhí sé sásta annsin. Chuaidh an bhean go dtí an roilig. Nuair a bhí sí ann chuala sí glór binn.
"Má's bean mhaith thú, tógfaidh tú mise,", adeir an glór.
Chuaidh an bhean go dtí an leac. Chroich(continues on next page)- Informant
- Beairle Cuimín
- Other names
- Beairle Cuimín
- Beairtle Ó Flaithbheartaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway