School: Camus (roll number 11290)

Location:
Camas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 139

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 139

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Camus
  2. XML Page 139
  3. XML “Naomh Colm Cille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dhá cur sé'n chaoi ar sgaoileadh an cónra amach ar bharr an taoille agus cead aicí theacht isteach i dtír in áit ar bith ar thalamh na h-Éireann. Tháinic sé i dtír ar oileán in Éirinn. Bhí duine uasail na chómhnuidhe ar an oileán agus bhí bean bhocht ann freisin a raibh bó aicí.
    'Chuile lá nuair a sgaoilfeadh sí amach an bhó ní stopfadh sí go dtéigheadh sí síos ag ligheachán an cónra. Nuair a thagadh sí abhaile agus blightí í, bhíodh an oiread bainne aicí leis an méid eile don a beithidhigh a bhí ar an oileán. Lá amháin chuaidh an duine uasal ag faire na bó agus cé bhfuigheadh sé í ach ag ligheachán na cónra. Thugadar an cónra amach do'n oileán agus chuir síad í. Cailleadh an bó go gairid 'na dhiaidh.

    * * *

    Tá tobar thíos ar an mBánthruim i Ros a Bhíl a rinne Colm Cille. Deirtear gur tháinic sé amach as Árainn i mbád chloiche. Thosuigh sé ag nigheachán a lámh i lochán ann agus leathnuigh sé amach go ndearna sé tobar. 'Sé an t-ainm atá air ó shoin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Colm Cille (~265)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Máille
    Gender
    Male
    Address
    Camas Uachtair, Co. Galway