Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 139
- XML “Naomh Colm Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhá cur sé'n chaoi ar sgaoileadh an cónra amach ar bharr an taoille agus cead aicí theacht isteach i dtír in áit ar bith ar thalamh na h-Éireann. Tháinic sé i dtír ar oileán in Éirinn. Bhí duine uasail na chómhnuidhe ar an oileán agus bhí bean bhocht ann freisin a raibh bó aicí.'Chuile lá nuair a sgaoilfeadh sí amach an bhó ní stopfadh sí go dtéigheadh sí síos ag ligheachán an cónra. Nuair a thagadh sí abhaile agus blightí í, bhíodh an oiread bainne aicí leis an méid eile don a beithidhigh a bhí ar an oileán. Lá amháin chuaidh an duine uasal ag faire na bó agus cé bhfuigheadh sé í ach ag ligheachán na cónra. Thugadar an cónra amach do'n oileán agus chuir síad í. Cailleadh an bó go gairid 'na dhiaidh.
* * *
Tá tobar thíos ar an mBánthruim i Ros a Bhíl a rinne Colm Cille. Deirtear gur tháinic sé amach as Árainn i mbád chloiche. Thosuigh sé ag nigheachán a lámh i lochán ann agus leathnuigh sé amach go ndearna sé tobar. 'Sé an t-ainm atá air ó shoin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe