School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)18. Sean fhear bocht is a mhaidhe faoi na ucht is é sile na ndeór go fras.
Frg. Far(?)-Dhoras.19. Dhá chéad uainín ag dul go baile an Mhóta agus a caora mhor i dtosach.
Frg. An ghealach is na réalta.20. Trí bhó bhuidhe ar thaobh na gaoithe ceann sa la agus péire sa n-oidhche.
Frg. An ghealach is na réalta is an ghrian.21. Soitheach gan tóin gan ceann is é lán le feóil dhuine.
Frg. Méarachán Tailliúra22. Céard atá ann ó aimsir Éabh is nach ndeacha cúig sheachtmhaine d'aois.
Frg. An ghealach.23. Céard atá ort o baisteach thú is nach n-airigheann tu.
Frg. T-Ainm.24. Mo ghearráinín bobáilte donn shiublfadh sí Éire is ní fhluicfeadh sí a cos.
Frg. Meach(?)25. Is cruinne é ná do cheann is faide é ná na mílte crann.
Frg. Ceiriclín Snátha.26. Céard is mó a dhéananns torran ag doras ná muc.
Frg. Dhá mhuc27. Broc liath leibideach aghaidh siar is é ag meigeallach.
Frg. Eas Abhann.28. Siúd é chugam trídh an ród é fear óglaidh na(continues on next page)