School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 216
- XML “Mac Rí Éireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)airgid a thabhairt dhuit.” “Ó” is cuma faoi sin” adubhairt an fear oibre. D’imthigh siad leo. Dubhairt an fear oibre go rabh fathach mór annsin agus nach leigeann sé duine ar bith thart do’n marbhú. Nuair a thiocfas muid go dtí an teach leig thusa ort féin go bhfuil tú ag fágháil do chuid airm faoi réir le thú a mharbhú. “Gabhfa mise isteach go dtí é agus déanfa mé cleas air.” Nuair a tháinic siad go dtí an teach rinne siad mar sin. Chuaidh sé isteach go dtí é. “Ó is maith liom go dtáinic tú mar bhí ocras mór orm agus déanfa tú suipéar breágh dhom” adubhairt an fathach. “Glac tú féin go réidh” adubhairt an fear. “Tá mac Ríogh Éireann amuigh annsin le thú a mharbhú.” Ó céard a dhéanfas mé adubhairt an fathach. “Tá brat draoidheachta thiar sa seomra agus is féidir leat é a thabhairt leat má cuireann tú i bhfolach air mé” a dubhairt an fathach. Thóg an fathach an áill a bhí sa n-urlár agus chuaidh sé síos fútha. “Cuirfe tusa an aill os mo chionn” a dubhairt sé leis an bhfear thíos í. Pléasg sé cloigeann an fhathaigh leis an aill agus mharbhuigh sé é. Cruinnigh sé an t-ór agus chuir sé i na mála iad agus chuaidh sé amach go dtí mac an ríogh. “Tá an buachaill sin marbh agam” adeir sé. “Mo goirm tú.”(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Age
- 14