School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 248
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fearr agus bean ann fadó. Bhí mac acu.”
Bhí fear agus bean ann fadó. Bhí mac aca. Bhíodh an fear ag marbhú caorach chuile Nodhlaic. Is gearr gur cailleadh an fear annsin agus ní rabh beó ach an mac agus an mháthair. Is gearr gur tháinic an Nodhlaic agus dubhairt an mac go marbheóchadh sé caora. Ach dubhairt an mháthair gan a dhéanamh. Ach dubhairt an mac go marbheóchadh. Is gearr go bhfuair an bhean bás. Bhí an béasa ag an mac a bhí ag athair ach ní rabh sé ag an máthair. Bhí droch lá ag cur a athair ach bhí lá breágh ag cur an mháthair. Agus dubhairt an mac go bhfuigheadh sé amach cé an fáth é sin. Bhí sé ag siubhal leis agus tháinic an oidhche air. Chuaidh sé isteach i dteach. Dubhairt sé go mbeadh sé sa teach go maidin. Bhí fear sa teach agus dubhairt sé leis a fhágháil amach cé an fáth nach rabh an saoghal ag éirghe leis. D'imthigh sé leis ar maidin gur tháinic an oidhche ar arís. Chuaidh an fear isteach sa teach. Bhí bean an tighe na suidhe ar stól ag an teine. "Cé bhfuil tú ag dul" adubhairt an bhean leis an bhfear. "Tháinic mé ag ceapadh gur bheag an mhaith(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní hUlláin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Gortmore, Co. Galway